Dánta as Gaeilge

Tine

D’athraigh spéir an lá grian gheall
Plúchta ag deatach na sléibhte
Sheasamar ag bun an chnoic
Ag breathnú ar an talamh ag dó
Tháining muintir barr an bháile
Fíoradh ceisteanna.
“Meastú cé a thosaigh é?”
“Asal éigin ag dó trash”

Chuamar siar:
Dad, m’uncail, mo chol ceathracha, agus roinnt comharsain
Le buicéid uisce
Talamh dóite an tSamhradh
In áit talamh reoite an gheimhreadh.
Ach teach Mhámó fós ina sheasamh
Tada ach féar san easnamh.

AM

Meastú céard a tharlaigh dhúinn?
Meastú an muid náire ar gclann?
Nó an trua atá acu dhúinn? 
An gceapann siad gur thit muid
San áit ar d’éirigh leo féin?
Táimid cosúil le crann 
i lár gaineamhlach 
in áit ar theas coill
in áit a bhí beomhar
don ghluin a tháinig romhainn.


Ar bhfaca tú mé le gairid?

An bhfuil mé feicthe agat le gairid?
An bhfuil athrú tágtha orm?
Nó an orm féin atá sé?
Mothaím dorcha
Agus trom
Agus mall
Agus neamh-chinnte
Rud nach raibh mé riamh.

Meachán Rudaí
Is aisteach an rud í an aiféal
Cosúil le spuaic ar do theanga
Cosúil le gearra i do bhéal
Nach dtagann leigheas air

Tá meachán i gceist leis an saol
Tá meachán sa bpian
Tá meachán sa ngrá
Tá sé i maith nó in olc
Airím í i mo anam agus i mo bholg
Tá meachán san óige
Agus í ag imeacht uait
Tá meachán san aois
Agus an damáiste a thágann leis
Tá meachán sna cuimhní
Tá meachán sna dearmadaí
Tá meachán i gcreideamh
Agus tá meachán san easpa.



Ag Aisghabháíl na Satailití
Éadaí báite ón féar fliuch
Tart laighdaithe ag an deoch
Agus cloigeann níos eadroime de bharr
Ach níl sí eadrom fós.
Ag breathnú ar réálta na spéire
Agus an easnamh atá eatarthu
Ag seoladh grá ag an duine aonarach
Atá ag aisghabháil na satailití

An Dóp Uilig i Nua Eabhrac
Tar éis an acht a rinne Reagan
Cheapadh duine go mbeadh an saol níos éasca
Don fhear a chaith an dóp uilig i Nua Eabhrac
Táimid fós ag tachtadh in aois an nua-liobrálach
Aois Thatcher, aois Reagan
Arm nuicléach a chruthadar
Agua a d’fhágadar in ár gcuid lámha
Gan múineadh an mhadra acu
Chun fánacht agus breathnú ar an ionsaí a rinneadar.

Muinín
Ní chreidim ionatsa níos mó
Agus chreideas ionat le fáda
Ní raibh é atá éasca le rá
Ní bhraitheann sé go maith i mo cheann
Ná ar mo theanga

Labhróidh mé leat gach aon lá
Níos lú agus níos lú
Le imeacht grá
Cuireann sé pian i mo bholg
Agus m’anam
Ach is sin mar atá

Gabh i leith uait
Lean ar aghaidh
Diabhal neart ort
Go dtéann na rudaí seo uilig
I do aghaidh

Cairdeagan
Cuimneadh liom thú is tú ag caitheamh cairdeagan
agus caipín speiceach
Ag breathnú caite agus ag caitheamh tobac.
Do dheartháir sa gcoirnéal agus píopa ina bhéal
Agus séideoga geala a chruthaigh aige.
Fear níos troime ach fear le fráma níos lú.
An gaol gar le feiceáil sna headáin.
Mise ag sú isteach chuile fhocal
Agus an deatach

Coirp

Coirp báite in san fheamainn
Adhmad scaradh ar an trá
Ciúnas ciontach na gaoithe
Sioscadh idir fir agus mná

Ite ag éisc agus beatha mhara
Agus ite tuilleadh leis an am
Ní raibh fiú amháin focal eatruthu
Gan torann ar nós nach rabhadar ann




Leave a comment